ach is tusa a shábháil ónár naimhde sinn agus a chuir náire ar an drong a thug fuath dúinn.
Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad; agus scaoil sé iad as greim a naimhde.
Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna; bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,
Beannóidh mé an Tiarna i dtólamh beidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí.
Tríd an Tiarna is ea a bheidh bua agus glóir ag sliocht Iosrael go léir!”
Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo: go dtuigeann agus go n‑aithníonn sé mise. Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh, le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht; sea, is iontu seo atá mo dhúil - an Tiarna a labhraíonn.”
Má thugann tusa Giúdach ort féin; agus go bhfuil do sheasamh ar an dlí; agus tú muiníneach as Dia agus fios a thola agat;