Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 44:3

An Bíobla Naofa 1981

Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinn gur phlandaigh tú ár sinsir ina n‑ionad.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

An bhfuil cine eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, ag móradh a ainm agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha agus déithe roimh a phobal?

Nach tusa ár nDia a dhíbir áitritheoirí na tíre seo amach roimh Iosrael do phobal, agus a thug é go brách do shliocht Abrahám, do chara?

D'fhoilsigh sé cumhacht a bheart dá phobal, nuair a thug sé dóibh oidhreacht na náisiún.

Taispeáin dom do bhuanghrá ró-iontach, a Thiarna, a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe.

Go ndéanaimid lúcháir as ucht do bhua, agus gairdeas in ainm ár nDé. Go ndeonaí an Tiarna d'achainíocha go léir duit.

Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.

Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”

Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile.

Cad fáth a n‑iompaíonn tú do lámh uainn, a Thiarna? Cad fáth a bhfolaíonn tú do dheaslámh i do bhrollach?

Is tú an Dia a dhéanann éachtaí; thaispeáin tú do chumhacht do na ciníocha.

Chaith sé na ciníocha rompu amach, agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu; thug sé ar threibheanna Iosrael baint fúthu ina mbothanna siúd.

tabhair cuairt ar an bhfíniúin seo agus caomhnaigh í, óir phlandaigh do dheaslámh féin í.

Thug tú fíniúin amach as an Éigipt; dhíbir tú na ciníocha gur phlandaigh tú í.

Tháinig scéin agus scanradh orthu; mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche; go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna; go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.

a chuir a chumhacht ghlórmhar uaidh ag gluaiseacht ar dheasláimh Mhaois; a scoilt na huiscí ó chéile rompu chun ainm síoraí a bhaint amach dó féin;

Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt: Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: “Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua.

Má bhíonn an Tiarna sásta linn, seolfaidh sé isteach sa tír seo sinn agus tabharfaidh sé dúinn é. Is tír é ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d'fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.

Is iad d'aithreacha, áfach, a ghlac an Tiarna i gcochall a chroí le barr grá; agus ina ndiaidh, thogh sé a sliocht, sibhse féin thar na ciníocha go léir mar a dhéanann inniu féin.

Chuir mé an cearnabhán chun tosaigh oraibh a ruaig an dá rí Amóracha romhaibh amach; níorbh é do chlaíomh ná do bhogha a rinne é sin.

Dúirt Iósua: “Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh.

Óir ní chaithfidh an Tiarna a phobal i leataobh ar son a ainm éachtaigh, mar ba é toil an Tiarna a phobal féin a dhéanamh díbh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí