Níor tháinig tú ach inné, agus an amhlaidh a thabharfainn ar guardal inniu thú inár dteannta, agus gan fhios agam féin cén treo? Fill ar ais, tabhair do mhuintir leat agus [go raibh an Tiarna] buanchineálta dílis leat.”
Dúirt an rí ansin le Zádóc: “Tabhair áirc Dé ar ais isteach sa chathair. Má fhaighim fabhar i súile an Tiarna, tabharfaidh sé ar ais mé agus tabharfaidh sé radharc arís dom uirthi féin agus ar a háit lonnaithe.
Thug siad áirc an Tiarna isteach agus chuir siad í sa bhoth a bhí réitithe ag Dáiví di; agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i láthair Dé.
fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh 's ag fiuchadh, agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta. [Tá Tiarna na Slua inar bhfochair: is daingean dúinn Dia Iacóib.] Selah