Tá m'anam go buartha istigh ionam, is ort a bhím ag cuimhneamh ó thír na Iordáine, ó Hearmón, agus fós ó Shliabh Mizeár.
Tugann tú finnéithe nua i mo choinne Agus méadaíonn tú do mhíshásamh liom. Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom.
Chuir tú go domhain san uachais mé, in íochtar an duibheagáin dhorcha.
Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine; déantar fásach den dúiche ar fad; scriostar mo bhothanna go tobann, mo dhídean, in imeacht nóiméid.
Tagann tubaiste ar mhullach tubaiste, ráfla ar mhullach ráfla; iarrann siad fís ar an bhfáidh; ach teipeann an dlí ar an sagart agus an chomhairle ar na sinsir.
“Nuair a bhí mé i gcruachás, scread mé ar an Tiarna, agus thug sé cluas do mo ghuí; ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ort agus d'éist tú le mo ghuth.
Ghabhamar an uair úd, dá réir sin, fearann an dá rí Amórach lastall den Iordáin, ó Ghleann an Arnón go Sliabh Haermón