Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.
Chuir Dáiví agus a lucht leanúna go léir chun bóthair agus chuadar anonn thar Iordáin; faoi mhaidin ní raibh duine fágtha nach raibh imithe anonn thar Iordáin.
Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.
Síos liom go fréamhacha na sléibhte; bhí barraí fhearann an Bháis á ndaingniú orm feasta choíche. Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mé go beo beathach, a Thiarna, a Dhia liom!
Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”