Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile.
Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.
Beidh bhur gceolsa, áfach, mar bheadh oíche chinn féile ann, agus aoibhneas ar chroí gach aon. Ar nós an té a bhuaileann bóthar le ceol na bhfeadóg ar a bhealach ionsar shliabh an Tiarna, ionsar charraig Iosrael,
Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.
Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.