Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.
Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.
Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.
Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo
Dúirt Iósua: “Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh.