Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n‑íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart.
Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”
Mheall do chomhghuaillithe go léir thú! thiomáin siad go himill do chríoch thú. Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort; chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat. - ‘Níl aon eagna fágtha aige.’
“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d'ith arán liom, d'ardaigh sé a sháil i mo choinne.’
[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.