Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 41:7

An Bíobla Naofa 1981

Tagann siad do m'fhéachaint le caradas bréige; scaipeann siad a mbréaga fúm amuigh le caint mhailíseach.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de, nó le soitheach a briseadh.

Síolann an cealgaire aighneas, agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.

Cheal brosna téann an tine in éag; cheal cúlchainteora, téann aighneas chun suain.

D'imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint,

bíonn siad líonta den uile shórt urchóide agus mallaitheachta agus sainte agus mailíse; agus bíonn siad lán den fhormad, den dúnmharú, den achrann, den chealg agus den mhioscais; bíonn siad cúlchainteach,

Mar is é eagla atá orm, nuair a thiocfaidh mé chugaibh nach mbeidh sibhse mar ba mhaith liom sibh a bheith agus nach mbeidh mise mar ba mhaith libhse mé a bheith. Is eagal liom go mbeidh achrann agus éad, go mbeidh aighneas ann agus imreas, cáineadh agus cúlghearradh, mustar agus mí-ord.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí