Ansin beidh a fhios agam go bhfuil lé agat liom nuair nach ndéanfaidh m'eascairde a mbua a mhaíomh orm.
Agus cosnaíonn cearta an fhíréin. Nuair a ardaíonn sé ríthe chun na corónach, Agus go dtagann díomas orthu de bharr a réime gan chrích,
Taispeánfaidh tú slí na beatha dom; tá lúcháir go fial i do láthair agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.
Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.
Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t‑ionracas mé, óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.
Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé agus nár lig tú do m'eascairde bheith ag maíomh orm le mórtas.
Seachain an t‑olc agus déan an mhaith; bí ag lorg na síochána agus lean di.
óir brisfear ar chumhacht na n‑éagráifeach agus beidh an Tiarna ina chúl taca ag an bhfíréan.
óir ráinig tú i do chúntóir agam, agus gairdím faoi scáth do sciathán.
Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim, is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé.
A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.