Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 41:10

An Bíobla Naofa 1981

Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinín agus a d'itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m'éadan!

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n‑íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart.

Is fuath le mo chairde cléibh mé, Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d'iompaigh siad i m'aghaidh.

Is iomaí duine a deir mar gheall orm: “Níl slánú ar bith dó i nDia.”

Dá mba namhaid é an té a thug aithis dom d'fhéadfainn cur suas leis. Dá mba eascara a d'éirigh i m'éadan rachainn i bhfolach uaidh.

Ach tusa! mo dhlúthchara féin is mo chaomhchompánach a rinne an ní seo!

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól.

Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”

Mheall do chomhghuaillithe go léir thú! thiomáin siad go himill do chríoch thú. Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort; chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat. - ‘Níl aon eagna fágtha aige.’

Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí