Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 40:9

An Bíobla Naofa 1981

go ndéanfainn do thoilse. A Dhia, is áil liom do dhlí i ndiamhair mo chroí.”

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Is amhlaidh a d'admhaigh mé le mo bhruasa foraitheanta uile do bhéil.

más luí dom, más suí dom, is eol duit é; is eol duit mo rún is mé i bhfad uait.

Saor mé ó bhéal an leoin agus m'anam bocht ó adharca na ndamh allta.

de bhrí nár bheag air an bochtán agus nár scorn leis riamh a ainnise. Níor cheil sé riamh a ghnúis air ach d'éist leis an uair a ghlaoigh sé air.

Tabharfaidh mé buíochas duit sa mhórdháil; molfaidh mé thú sa slua.

bíonn dlí a Dhé ina chroí, ní bhíonn a chosa ag imeacht uaidh.

Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin - an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.”

á rá: “Inseoidh mé d'ainm do mo bhráithre; molfaidh mé thú i lár na comhdhála,”

“Dia na ndéithe, an Tiarna, Dia na ndéithe, is maith atá a fhios ag an Tiarna, agus bíodh a fhios ag Iosrael chomh maith: má rinneamar ceannairc nó feall in aghaidh an Tiarna, ná déanadh sé anacal orainn inniu;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí