Níor fholaigh mé d'fhíréantacht i mo chroí ach d'fhógair mé do chabhair dhílis; níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinne ar an gcomhdháil mhór.
Leanfaidh cineáltas is buanghrá mé gach lá de mo shaol; i dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.
Cuir chugam do sholas agus d'fhírinne, go ndéana siad mo threorú do mo thionlacan faoi dhéin do chnoic naofa, faoi dhéin do phailliúin.
Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde: ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor.
Cuir fad le saol an rí; go maire sé choíche!
Bíonn na dailtíní sráide ag tromaíocht orm, agus is ábhar amhrán mé ag lucht ólacháin.
sula n‑éirí na tonnta orm. Nár shloga an fharraige siar mé; nár dhúna an poll orm.
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe; chun go gcónódh a ghlóir inár dtír.
Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna; fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.
Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint, agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.