Ach d'fhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’
á rá: “Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar, Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís. An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim. Moladh le hainm an Tiarna.”
“Labhraíonn tú dála na mban baoth,” ar sé léi; “glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t‑olc chomh maith?” San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.
An dream ar a bhfuil fonn mo mharaithe cuireann siad ribe romham - an dream a iarrann mo dhochar agus mo mhilleadh, beartaíonn siad feall i mo choinne ar feadh an lae.
Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.