Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.
Chruinnigh mé dom féin freisin airgead agus ór agus saibhreas ríthe agus cúigí. D'fhostaigh mé amhránaithe, idir fhir agus mhná, agus bhí sáile shaolta agus mórán ban luí agam chomh maith.
Mar a tháinig sé amach as broinn a mháthar, is amhlaidh sin a imeoidh sé arís; chomh tarnocht agus a tháinig sé agus gan dada aige de bharr a shaothair a fhéadfaidh sé a thabhairt leis.
Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.
Iad sin a bhíonn ag ceannach, bídís ar chuma daoine nach mbeadh dada ina seilbh acu; agus iad siúd a bhíonn ag gabháil do ghnóthaí an tsaoil ná bídís gafa iontu, mar tá dreach an tsaoil seo ag síothlú.
Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.
Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh an mheirg orthu ina fianaise in bhur n‑aghaidh agus alpfaidh sí bhur gcuid feola mar a dhéanfadh tine. Tá stór curtha i dtaisce agaibh le haghaidh na laethanta deireanacha!