Bhí mo chroí go te ionam istigh; las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom, agus leis sin labhair mo theanga.
Uch nach gcuireann tú i bhfolach mé i Seól! Agus mé a cheilt nó go dté d'fhearg thar bráid! Agus téarma cinnte a cheapadh dom, agus cuimhneamh orm!
Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.
Cá líon laethanta do ghiolla? Cathain a chiontóidh tú mo ghéarleantóirí?
Múin dúinn giorra shaoil an duine chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.