Tóg uaim anois do sciúirse; tá mé cloíte ag buillí do láimhe.
[Tá mo shaol] go léir ag creimeadh mar chríonach, mar bhrat ite ag leamhain.
Dhúigh mo chraiceann orm Agus tá mo chnámha á loscadh ag fiabhras.
Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan!
Baineadh sé díom a shlat, Agus ná bíodh a scéin do mo sceonú;
Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom, cé a thabharfadh ciontach mé? Beidh siad spíonta smolchaite ar nós giobal éadaigh, agus iad á gcreimeadh ag leamhain.
Is angadh mise d'Eafráim, agus críonlobhadh do theaghlach Iúdá.
an duine sin a thabhairt suas do Shátan lena chorp a mhilleadh i dtreo go dtiocfadh a anam slán lá úd an Tiarna.
Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht agus sciúrsálann sé gach duine a nglacann sé leis mar mhac.”
ach fuair sé ceartú de bharr a choirpeachta; labhair an t‑asal balbh le glór daonna agus choisc sé díth céille an fháidh.
An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.