Tá do shaigheada greamaithe go domhain ionam agus tháinig do lámh anuas orm.
Tháinig fraoch feirge ar Uiziá, agus an túisteán ina láimh le túis a dhó. Ach fad a bhí an cuthach feirge sin air leis na sagairt bhris lobhra amach ar a éadan i láthair na sagart, i dTeampall an Tiarna ansiúd le hais altóir na túise.
Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.
Ná folaigh do ghnúis orm, a Thiarna, an uair a bhím do mo bhuaireamh. Claon chugam do chluas nuair a ghlaoim ort; éist liom go luath agus freagair mé.
Tá mo chroí arna chríonadh mar fhéar; rinne mé dearmad ar mo bhia a ithe.
Óir gach uile lá agus oíche ba throm orm do lámh. Go deimhin, bhí mo neart á thrá mar a bheadh le teas an tsamhraidh.
Féach, is geal leat an croí dílis, agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom.
A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fhearg agus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.