Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 38:1

An Bíobla Naofa 1981

Salm Dháiví. Mar chuimhneachán.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Do stiúrthóir an chóir. Le gléasanna téad. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. [Salm le] Dáiví.

Don stiúrthóir. [Salm] Dháiví. Mar chuimhneachán.

Chuir tú go domhain san uachais mé, in íochtar an duibheagáin dhorcha.

Chuir tú smacht air, á thiomáint amach agus á dhíbirt; chuir sé an ruaig air lena anáil bhorb, mar bheadh an ghaoth anoir ann.

Seal beag agus racht fraoich agus feirge orm cheil mé mo ghnúis ort. Ach tá trua agam duit anois le caoindúthracht shíoraí, a deir an Tiarna, do shlánaitheoir.

Ceartaigh sinn, a Thiarna, go mín, ní i bhfeirg, ar fhaitíos go ndéanfaí neamhní dínn.

Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú; ní chuirfidh mé críochnú ortsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.

Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.

Ba eagal liom an cuthach agus an fraoch feirge a spreag an Tiarna chomh mór sin i bhur n‑aghaidh, go raibh fonn air sibh a scrios. Ach d'éist an Tiarna liom an uair sin leis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí