Dúirt Dáiví ansin leis an gcomhthionól go léir: “Molaigí an Tiarna bhur nDia!” Agus mhol an comhthionól go léir an Tiarna, Dia a sinsear, agus chuaigh siad ar a nglúine le hómós a thabhairt don Tiarna agus don rí.
D'ordaigh an rí Hiziciá agus na taoisigh do na Léivítigh an Tiarna a mholadh i mbriathra Dháiví agus Ásáf an físí. Chan siad moltaí le dúthracht agus le lúcháir agus chrom siad síos agus thug siad ómós.
Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!
Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo: go dtuigeann agus go n‑aithníonn sé mise. Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh, le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht; sea, is iontu seo atá mo dhúil - an Tiarna a labhraíonn.”
Fuair gach duine in Eifeasas, idir Ghiúdach agus Ghréagach, eolas ar an scéal seo agus chuir sé uafás orthu go léir, ar shlí gur móradh ainm an Tiarna Íosa.
Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.
Bhí sé ag glaoch go hard á rá: “Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíoruisce.”