Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 33:2

An Bíobla Naofa 1981

Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit; déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Bhí Dáiví agus teaghlach Iosrael ag rince os comhair an Tiarna le barr dúthrachta, ag cantain le cruiteanna, le cláirseacha, le bodhráin, le castainéid, agus le ciombail.

Agus dúirt Dáiví le cinn urra na Léivíteach a ngaolta a cheapadh mar chantairí chun geantraí a sheinm ar a ngléasanna ceoil, ar chláirseacha, ar chruiteanna agus ar chiombail.

Thug Iosrael go léir áirc chonradh an Tiarna aníos le gártha, le séideadh na hadhairce agus na stoc, le bualadh na gciombal, agus le téada cruite agus cláirsí ar crith.

De Iadútún: clann mhac Iadútún: Gadailiá, Zeirí, Íseáia, [Simeí], Haisaibiá, Maititiá; bhí seisear díobh faoi threoir Iadútún, a n‑athair, a rinne fáidheoireacht le tionlacan na cruite ag moladh agus ag móradh an Tiarna.

Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n‑athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na clairsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán,

Canfaidh mé amhrán nua duit, a Dhia; seinnfidh mé ar chláirseach na ndeich dtéad duit.

Molaidís a ainm le rince; déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit.

Déanfaidh mé ceol duit ar an gcláirseach, dá bhrí sin, as ucht do dhilghrá dom, a Dhia. Seinnfidh mé freisin ar an gcruit duitse, a Neach Naofa Iosrael.

d'fhonn do bhuanghrá a fhógairt ar maidin, agus do dhílse i dtráthanna na hoíche,

le ceol na cruite agus na cláirsí; mar aon le ceadal na lire.

Ansin Miriám banfháidh, deirfiúr Árón, thóg sí tiompán ina láimh agus lean na mná go léir í lena dtiompáin sa rince.

Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuiltí lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna.

Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí