Ansin shléacht mé agus d'adhair mé an Tiarna, agus mhol mé an Tiarna, Dia mo mháistir Abrahám, a threoraigh mé le barr cineáltais chun iníon bhráthair mo mháistir a thoghadh dá mhac.
Nuair a dhúnfar na spéartha agus nach mbeidh aon bháisteach mar gur pheacaíodar i d'aghaidh, má dhéanann siad guí i dtreo na háite seo, agus d'ainm a mholadh, agus [go n‑umhlaíonn] tú iad agus go ndéanann siad aithrí ina bpeaca,
Cuir do bhuanghrá in iúl dom ar maidin, óir is ionat a chuirim mo dhóchas. Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam, óir is chugatsa a thógaim m'anam.
Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.
Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.
Ar uaire luíodh sé ar feadh dhá lá, nó mí, nó níos faide; dá fhad a d'fhanadh an néal os cionn an taibearnacail, d'fhanadh clann Iosrael sa champa san áit chéanna agus nuair a d'ardaíodh sé chuiridís chun siúil.