Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 32:5

An Bíobla Naofa 1981

Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.

Féach an chaibidil Cóip

37 Tagairtí Cros  

Dúirt Dáiví le Nátán: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna.” Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “Chomh fada agus a bhaineann leis an Tiarna, tugann sé maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú.

Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach.

Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. “Tá peaca trom déanta agam,” ar sé leis an Tiarna. “Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.”

Nuair a chonaic Dáiví an t‑aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: “Is mise a pheacaigh,” ar sé, “is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.”

tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh (agus éist lena n‑achainí agus lena n‑impí agus seas leo).

má thagann brón agus doilíos croí ar aon duine - nó ar do phobal Iosrael go léir - agus go ndéanfadh sé impí nó achainí agus go sínfeadh sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo,

Ach anois beirigí buíochas leis an Tiarna, Dia bhur sinsear, agus déanaigí a réir; scaraigí le pór na tíre agus le bhur mná deoranta.”

Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]? Agus ar chuir mé m'urchóid i bhfolach i mo chliabh?

Canann sé an chaithréim seo os comhair daoine: “Pheacaigh mé, agus thréig mé cosán na fíréantachta, Ach ní dhearna [Dia] díoltas orm.

Ní faide an t‑oirthear ón iarthar ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.

Maitheann sé do chionta go léir duit; agus leigheasann sé d'easláintí uile.

Iompaigh i leith orm le trócaire, óir táimse i m'aonarán angarach.

Tabhair do d'aire mo bhrón is mo bhuairt agus maith dom mo pheacaí go léir.

A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó, gabhaigí buíochas lena ainm naofa.

Óir táimse ar tí titim faoi láthair; bíonn mo bhrón as mo chomhair de ghnáth.

Admhaím mo chion is mo pheaca; is buartha go fíor mé dá dheasca.

Is ortsa amháin a pheacaigh mé; an ní is olc i do láthair a rinne mé. Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.

A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge, agus atá lán de ghrá agus d'fhírinne:

Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.

Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

Seo é bealach an adhaltraigh mná: itheann sí bia agus glanann a béal agus deir: “Ní dhearna mé aon ní as an tslí.”

Is amhlaidh a thabharfaidh mé freagra sula nglao siad; agus iad fós ag caint, beidh siad cloiste agam.

Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe, ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’? Féach, lorg do chos sa ghleann, agus admhaigh céard tá déanta agat. Camall baineann anonn agus anall,

Deir tú: ‘Táimse saor ó locht, tá a fhearg iompaithe uaim.’ Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ort mar go n‑abrann tú: ‘Níor pheacaigh mé.’

Ach amháin admhaigh do chionta: an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhia gur imigh ag spallaíocht le strainséirí agus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.

An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.

“Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.

má bhíonn duine ciontach in aon cheann de na cúinsí sin, admhaíodh sé an peaca a rinne sé,

An bhféadfadh duine calaois a dhéanamh ar Dhia? Ach is amhlaidh a dhéanann sibhse calaois ormsa. Dá ainneoin sin deir sibh: ‘Conas a dhéanaimid calaois ort?’ I gcúrsaí deachúna agus ofrálacha!

Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.

Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí - a mórchuid peacaí - maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.”

Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.

Ansin dúirt Iósua le hÁcán: “Tabhair glóir don Tiarna, Dia Iosrael, a mhic, agus mol é; inis dom a bhfuil déanta agat agus ná ceil aon ní orm.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí