Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 30:7

An Bíobla Naofa 1981

Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne: “Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Bhronn tú beatha agus buanghrá orm Agus caomhnaigh tú m'anam le barr cúraim.

Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?

Óir ithim luaithreach mar a ithim arán; agus meascaim mo dheoch le deora,

Má fholaíonn tú d'aghaidh bíonn siad buartha, má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad, agus casann siad ar an luaithreach as úire.

Éist liom gan mhoill, a Thiarna, óir tá mo mheanma á cloí. Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm, sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.

A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó, gabhaigí buíochas lena ainm naofa.

D'fhan mé go foighneach leis an Tiarna agus chrom sé chugam gur éist sé le mo ghuí.

Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinn gur phlandaigh tú ár sinsir ina n‑ionad.

Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat; gairdídís go brách; caomhnaigh an dream lenarb áil d'ainm chun go ndéana siad gairdeas ionat.

Déanann siad gairdeas i d'ainm feadh an lae; agus déantar a móradh as ucht d'fhíréantachta.

Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan; is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní, óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.

Lasfaidh m'fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: ‘Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí