Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 30:4

An Bíobla Naofa 1981

Thug tú m'anam as an uaigh, a Thiarna, shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Cheap Dáiví cuid de na Léivítigh ina ministirí os comhair áirc an Tiarna leis an Tiarna, Dia Iosrael, a impí, a ghlóiriú, agus a mholadh:

Chuir sé a bhriathar chucu á leigheas; agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu.

Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt; go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach.

D'ardaigh sé neart a phobail; bíonn a naoimh uile á mholadh; molann clann Iosrael é, an pobal atá ina fhogas. Alleluia!

Le Dáiví. 1 Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n‑éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh.

Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna, a fhíréana uile. Déanaigí aoibhneas agus áthas a lucht an chroí dhírigh.

“Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthair a cheangail mo chonradh le híobairt.”

Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm; sciob tú m'anam leat ó dhuibheagán ifrinn.

Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana; agus tugaigí buíochas dá ainm naofa.

Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?

Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile: “Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua. Tá an talamh lán dá ghlóir.”

Agus bíonn sé sciatháin ar gach ceann de na ceithre dúile beo, agus iad lán de shúile mórthimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná d'oíche ach ag rá:

Tugann an Tiarna beatha agus bás. Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí