D'iarr mé cunamh ort, a Thiarna, agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.
D'fhuascail sé m'anam ó dhul síos san uaimh, Agus beidh mo shaol faoi sholas.”
Chuir sé a bhriathar chucu á leigheas; agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu.
Óir sciob sé m'anam ón mbás, agus mo shúile ó dheora, agus mo chosa ó thuisliú.
Óir ní fhágfaidh tú m'anam i measc na marbh ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.
Le Dáiví. 1 Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n‑éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh.
Tá mé faoi cheangal na móideanna a rinne mé duit; toirbhreoidh mé íobairtí buíochais duit, a Dhia,
Leag tú orm iomad de thrombhuarthaí ach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom. Tógfaidh tú as broinn na talún mé;
Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm; sciob tú m'anam leat ó dhuibheagán ifrinn.
Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m'anam beo i do chuideachta; is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad. Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.