Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 30:12

An Bíobla Naofa 1981

Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna; bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Ná bíodh m'anam páirteach ina gcomhairlí; nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar, óir mharaíodar daoine le teann feirge agus speireadar daimh le barr buile.

Chuir mise mo dhóchas i do bhuanghrá daingean, beidh áthas ar mo chroí de bharr do shlánaithe, 6 agus molfaidh mé an Tiarna, mar go raibh sé fial liom.

Molfaidh mé thú in aghaidh an lae; agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.

Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m'anam; agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.

ach is tusa a shábháil ónár naimhde sinn agus a chuir náire ar an drong a thug fuath dúinn.

Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean. Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.

Ach beidh dóchas agamsa go brách agus cuirfidh mé le do mholadh in aghaidh an lae.

Déanfaidh mo bhruasa lúcháir agus mé ag canadh duit mar aon le m'anam atá ceannaithe agat.

agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.

D'fhreagair sé agus dúirt: “Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost, screadfaidh na clocha amach.”

Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.”

á rá: “Amen. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Amen.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí