An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?”
Salm Dháiví. 1 Éist le m'urnaí, a Thiarna; éist le m'achainí as ucht do dhílse, freagair mé as ucht d'fhíréantachta.
Éist, a Thiarna, le mo ghlór nuair a ghlaoim ort, freagair, agus fóir orm.
Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath: tá dóchas mo chroí ann. Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí agus canaim amhrán dó.
Éist, a Dhia, le m'urnaí, tabhair cluas do bhriathra mo bhéil.
Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh; cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?