Chuaigh mé a luí agus chodail mé; agus dhúisigh mé toisc gur chosain an Tiarna mé.
Bhris lucht leanúna Dháiví ar arm Iosrael, agus rinneadh ár agus eirleach an lá sin, agus thit fiche míle fear;
Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t‑olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.
Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é: is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n‑anacra.
Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí, toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.
Ní bheidh eagla ort i do shuí duit, agus beidh do chodladh go sámh i do luí duit.
Ag siúl duit, treoróidh siad thú; i do luí duit, déanfaidh siad thú a fhaire; i do dhúiseacht duit, labhróidh siad leat.
Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?