Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 27:6

An Bíobla Naofa 1981

Ardófar mo cheann ar ball thar mo naimhde i mo thimpeall, go n‑ofrálfaidh mé ina bhothsan istigh íobairt an áthais. Canfaidh mé agus ceolfaidh mé don Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

38 Tagairtí Cros  

Faoi chionn trí lá, scaoilfidh Forann saor thú agus cuirfidh sé ar ais i do phost thú; agus sínfidh tú a chorn chun Fhorainn mar a dhéantá cheana agus tú i do chornaire aige.

Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach.

Dúirt Dáiví focail na laoi seo leis an Tiarna nuair a shaor an Tiarna é as láimh a naimhde go léir agus as láimh Shóil.

a shaor mé ó mo naimhde, a d'ardaigh mé os cionn lucht m'ionsaithe, a d'fhuascail mé ó fhear an éigin.

Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.

Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaín rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an seachtú lá fichead den mhí, rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaín rí Iúdá [agus scaoil sé] ón bpríosún é.

“Nach bhfúil an Tiarna bhur nDia in éineacht libh? Nach bhfúil síocháin tugtha aige daoibh máguaird ar gach taobh? Mar thug sé lucht áitribh na tíre faoi mo bhois dom, agus tá an tír ar fad tugtha faoi smacht an Tiarna agus a phobail.

Ofrálaidís a n‑íobairtí buíochais, agus fógraídís a éachtaí go háthasach.

Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair; agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.

Glac le hofrálacha mo bhéil, a Thiarna; agus múin dom d'fhoraitheanta.

Canfaidh siad faoi shlite an Tiarna: “Nach éachtach í glóir an Tiarna!”

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

Óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthu agus teannfaidh tú do bhogha ina n‑éadan.

Is iomaí duine a deir mar gheall orm: “Níl slánú ar bith dó i nDia.”

Ach is tú, a Thiarna, mo sciath; mo ghlóir a thógann mo cheann.

Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.

Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean. Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.

Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf.

Téanam agus canaimis don Tiarna; déanaimis gairdeas do charraig ár slánaithe.

Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”

Óir seo mar a deir an Tiarna: Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib! Tógaigí gártha do cheann na náisiún! Fógraígí! Molaigí! Gáirigí: ‘Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!’

guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. “Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’

Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.

Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm.

agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.

agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.

Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí