Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 27:10

An Bíobla Naofa 1981

Má thréigeann fiú m'athair is mo mháthair mé, glacfaidh an Tiarna liom.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.

Ar do shonsa a d'fhulaing mé aithis agus bhí luisne na náire i mo ghnúis.

Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn, á n‑iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.

An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche, an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne? Agus dearmad dá ndéanfadh féin, ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!

agus is iad lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.

Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.

Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?”

Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí