Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 26:8

An Bíobla Naofa 1981

Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d'áras, don áit a gcónaíonn do ghlóir.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Dúirt an rí ansin le Zádóc: “Tabhair áirc Dé ar ais isteach sa chathair. Má fhaighim fabhar i súile an Tiarna, tabharfaidh sé ar ais mé agus tabharfaidh sé radharc arís dom uirthi féin agus ar a háit lonnaithe.

Agus ina theanntasan, de bhreis ar gach ar sholáthraigh mé don teach naofa, tá ciste de mo chuid féin agam d'ór agus d'airgead, agus, de bharr mo dhúthrachta do theach mo Dhé, tabharfaidh mé é do theach mo Dhé -

De bharr an néil seo níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais; bhí Teampall Dé lán de ghlóir an Tiarna.

Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall.

Níor fhéad na sagairt dul isteach i dteach an Tiarna óir líon glóir an Tiarna teach an Tiarna.

Ar son teach an Tiarna, ár nDia, iarraim do leas.

Is iad mo dheora is bia dom de lá agus d'oíche nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”

Féach, a Dhia, ár sciath; agus breathnaigh ar aghaidh d'ungthaigh féin.

Tá an Tiarna i ngar chun mé a shábháil; mar sin seinnfimid ceol molta ar théada laethanta uile ár saoil os comhair Theampall an Tiarna.

Dúirt Hiziciá: “Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?”

Thóg an spiorad in airde mé ansin agus chuala mé i mo dhiaidh clampar mór: “Moladh le glóir an Tiarna ina áit chónaithe.”

I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu.

Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m'Athar nárbh fholáir dom bheith?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí