Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 26:7

An Bíobla Naofa 1981

Bíonn altú buíochais á chanadh agam, agus d'éachtaí go léir á n‑aithris agam.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Insígí faoina ghlóir i measc na gciníocha! Agus faoina éachtaí i measc na bpobal go léir.

Bígí ag canadh dó, déanaigí a mholadh; insígí a éachtaí go léir.

Osclaígí dom doirse na fíréantachta; rachaidh mé isteach a thabhairt buíochais.

Sé an Tiarna Dia ár solas. Gabhaigí ar aghaidh i mórshiúl le craobhacha go beanna na haltóra.

Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt, agus déanfaidh mé machnamh ar d'iontais.

Tógaigí bhur lámha chun an tsanctóra; agus déanaigí an Tiarna a mholadh.

Déanfar trácht ar mhórghlóir do mhaorgachta; agus inseofar d'éachtaí iontacha.

Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, an tAon amháin a dhéanann éachtaí.

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Muth Labben”. Salm le Dáiví.

Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d'ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,

Béarfaidh mé buíochas duit, a Thiarna, ó mo chroí, go hiomlán, inseoidh mé do mhóréachtaí go léir.

Druidimis ina láthair le haltú buíochais; déanaimis pléaráca do le hamhráin mholta.

Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg.

Seo é an leanbh á bhí a iarraidh agam, agus dheonaigh an Tiarna dom an rud a d'iarr mé air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí