Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna, agus gabhaim mórthimpeall d'altóra.
An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige: an té ar beag air nithe gan tairbhe agus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.
Triallfaidh mé ar altóir Dé, ar Dhia is cúis áthais dom; agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit a Dhia, ón, a Dhia liom!
Nach díomhaoin dom mo chroí a bheith glan agam agus mo lámha a ní san ionracas,
Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, ní amháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!”
Ansin níodh seanóirí uile an bhaile is gaire don mharbhán a lámha sa sruthán os cionn na bodóige ar briseadh a muineál.
Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.
Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n‑athnuachan ag an Spiorad Naomh.