Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh; molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.
Tugaidís moladh dó i gcomhthionól an phobail; déanaidís a mhóradh i seanad na sean.
Alleluia. Gabhfaidh mé buíochas le Dia ó chroí, i gcomhdháil agus i gcomhthionól na bhfíréan.
Is chuici suas a ghabhann na treibheanna, treibheanna an Tiarna, d'fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael, agus buíochas don Tiarna.
Bíonn altú buíochais á chanadh agam, agus d'éachtaí go léir á n‑aithris agam.
Tabhair eolas do shlí dom, a Thiarna, cuir sa bhóthar réidh mé, d'ainneoin mo naimhde;
D'fhan mé go foighneach leis an Tiarna agus chrom sé chugam gur éist sé le mo ghuí.
Molaigí an Tiarna i gcomhthionóil shollúnta; molaigí bhur nDia, a shliocht chlann Iosrael.
An té a shiúlann ar chosán na firéantachta, ní baol do; ach an té leanann na casáin chama, béarfar air.
á rá: “Inseoidh mé d'ainm do mo bhráithre; molfaidh mé thú i lár na comhdhála,”
Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach; Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas, Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.