Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh. Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir, is tú a thugann cúnamh don dílleachta.
An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic, agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra, a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú, a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t‑olc
Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.
Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.