Dúirt an Tiarna liom: “A mhic an duine, tabhair aire, féach go grinn agus éist go cúramach lena n‑insím duit faoi dheasghnátha uile Theampall an Tiarna agus a dhlíthe uile. Tabhair aire mhaith do cé ag a mbeidh cead isteach sa Teampall acu agus cé ag nach mbeidh cead isteach sa sanctóir acu.
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Aon choimhthíoch gan timpeallghearradh ina chroí agus ina chorp, de na coimhthígh uile a chónaíonn i measc mhuintir Iosrael, ná téadh sé isteach i mo shanctóir.
Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.
“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.
Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.”
“Scaoil liom!” arsa Íosa léi, “óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun m'Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’ ”
Ach tá ríocht dhochroite á fáil againne. Dá bhrí sin bímis buíoch agus sa tslí sin tugaimis do Dhia an t‑adhradh is taitneamhach leis go hurramach ómósach.