Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
A Thiarna, a Dhia linn, tá an soláthar seo go léir curtha ar fáil againn le teach a thógáil duit i gcomhair d'ainm, ach is ó do láimhse a tháinig sé agus is leatsa é go léir.
Dúirt Amaiziá leis an ngiolla Dé: “Cad a dhéanfaimid faoin gcéad tallann a thug mé d'arm Iosrael?” D'fhreagair an giolla Dé: “Is féidir don Tiarna i bhfad níos mó ná sin a thabhairt duit.”
Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.
D'fhreagair Maois é: “A luaithe a fhágfaidh mé an chathair, sínfidh mé mo lámha i dtreo an Tiarna; stadfaidh an toirneach agus beidh deireadh leis an gclochsneachta, i dtreo go mbeidh a fhios agat gur leis an Tiarna an domhan.
Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.