Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide, tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m'eascairde. Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh; agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.
Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna, a thug aníos sinn as tír na hÉigipte, a threoraigh sinn tríd an bhfiántas, trí fhearann lom fásaigh, tír thriomaigh dhorcha, tír nach siúlann aon taistealaí agus nach bhfuil cónaí duine ann?’
Seol do phobal chun féaraigh le do bhata, an tréad atá ina oidhreacht agat, a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta. Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád mar a mbídís san am fadó.
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fear as gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige, greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá: ‘Lig dúinn dul in éineacht leat, óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.’ ”