“Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é: saoradh seisean é, más air atá a ghreann.”
Thug tú teagasc dom ó m'óige, a Dhia, agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo.
Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé, ó bhroinn mo mháthar ba thú mo dhídean; ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí.
Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.