Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 22:23

An Bíobla Naofa 1981

Fógróidh mé d'ainm do mo bhráithre, molfaidh mé thú i lár do phobail.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat, go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail; is go ndéana mé mórtas mar aon le d'oidhreacht.

Gabhfaidh mé buíochas leis an Tiarna os ard; tabharfaidh mé moladh dó i measc an tslua.

Alleluia. Gabhfaidh mé buíochas le Dia ó chroí, i gcomhdháil agus i gcomhthionól na bhfíréan.

Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann; is é is cabhair agus is sciath dóibh.

Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna, idir mhion agus mhór in éineacht.

Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.

agus adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise: cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach.

Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh; molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.

Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile; bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.

Tabharfaidh mé buíochas duit sa mhórdháil; molfaidh mé thú sa slua.

an té a ghabhann buíochas mar íobairt, is é sin an té a thugann urraim dom; agus don té a mhaireann gan cháim taispeánfaidh mé slánú Dé.”

Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia; agus molfaidh mé d'ainm go brách.

Is uime sin a thugann an cine borb seo glóir duit; uime sin atá eagla ar chathracha na náisiún danartha romhat.

agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.

Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.

Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.

Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí