Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 22:2

An Bíobla Naofa 1981

A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé? Is fada tú ó m'achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Tá cíocras chun Dé ar m'anam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé.

Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.

Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Heman an dúchasach.

D'fholaigh tú thú féin i néal ionas nach bpollfadh ár n‑urnaí tríd.

Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach, thug sé an chluas bhodhar do m'achainí.

D'fhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís.

Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?

Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé.

Bímid á ghuí go dúthrachtach de lá is d'oíche go bhfeicfímid bhur ngnúis arís agus, cibé bearna atá ar bhur gcreideamh, go líonfaimid í.

Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i m'urnaithe, rud a dhéanaim de lá agus d'oíche.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí