Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 22:11

An Bíobla Naofa 1981

Ba leatsa mé ó lá mo bhreithe: ó bhroinn mo mháthar is tú mo Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Óir chonaic an Tiarna a ghéire a bhí cruachás Iosrael, gan aon duine daor ná saor le teacht i gcabhair ar Iosrael.

Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?

Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost; ná bí i bhfad uaim, a Thiarna!

a thugann an t‑olc uathu i gcúiteamh na maithe agus a chuireann i m'aghaidh toisc go leanaim den mhaith.

Ná folaigh do ghnúis ar do ghiolla; freagair mé go luath mar go bhfuilim faoi bhuairt.

A Dhia, ná bíse i bhfad uaim; déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom.

Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé, ó bhroinn mo mháthar ba thú mo dhídean; ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí.

Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air; agus an donán gan chúnamh.

Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom; agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil. Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom, agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.

Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.

Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.”

Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach.

Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.

(Óir tabharfaidh an Tiarna breith i bhfabhar a phobail, agus beidh trua aige dá shearbhóntaí.) Óir feicfidh sé gur thréig a gcumhacht, agus nach bhfuil aon duine fágtha, daor ná saor.

Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí