Rinne tú ábhar beannachta go brách de; cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air.
sula ndéarfaidh mo namhaid go bhfuair sé an bua orm, sula ndéanfaidh m'eascairde lúcháir toisc gur thit mé.
Coimeádaim an Tiarna de shíor i m'intinn: agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.
Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,
Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.
Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huile agus doirteadh an grásta amach ar do bheola toisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú.
Óir is tú mo dhún is mo dhaingean in aghaidh an namhad.
Go moltar a ainm go brách, fad a bheidh an ghrian ann. Is tríd a bheannófar gach treibh; beidh gach cine á mholadh.
Béarfaidh mé buíochas duit, a Thiarna, ó mo chroí, go hiomlán, inseoidh mé do mhóréachtaí go léir.
deir sé leis an Tiarna: “Mo dhídean is mo dhaingean tú; mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.”
As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’ ”
agus arís: “Is air a bheidh mo sheasamh,” agus arís eile: “Féach anseo mé agus an chlann a thug Dia dom.”
Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.