Ansin bhain sé an choróin de cheann a rí; bhí tallann óir de mheáchan inti; bhí cloch luachmhar suite inti agus cuireadh ar cheann Dháiví í. Thug sé leis creach mhór amach as an gcathair.
Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.
Bhain Dáiví an choróin de cheann Mhiolcom, agus fuair amach gur mheáigh sí tallann óir. Bhí cloch luachmhar suite inti as a ndearnadh ornáid do cheann Dháiví. Thug sé leis creach mhór as an gcathair.
Agus anois: “Éirigh, a Thiarna, a Dhia, agus isteach leat i do áit suaimhnis, tusa agus áirc do chumhachta. Tá an slánú um do shagairt mar éide, agus cuireann d'fhéile lúcháir ar d'fhíréin.
Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?
Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa - an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d'fhulaing sé - agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d'fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.
Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.