Gairdíonn an rí as do chumhacht, a Thiarna, cá hionadh lúcháir air de chionn do chúnaimh!
Má thugann tú taitneamh don Tiarna tabharfaidh seisean duit mian do chroí.
Thug tú dom neart an daimh allta, agus dhoirt tú ola úr orm anuas.
Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.
Ansin ghuigh Hanná mar leanas: “Tá mórtas croí orm sa Tiarna. Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna. Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde, Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe.