Bíodh go mbeartóidís an t‑olc i do choinne nó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,
Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé?
Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha, agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh.
Chrioslaigh tú le neart mé chun catha, agus threascair tú an dream a bhí i m'éadan.
Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúil agus ní ghabhann tú amach lenár sluaite.
Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán; tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal; nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?
cé a fhéadfaidh ár gcionta a thóraíocht?” Ach an té sin a thóraíonn an aigne, arb eol dó rúndiamhra an chroí -
Déanfaidh mé lúcháir agus gairdeas ionat, canfaidh mé Salm do d'ainm, a Neach is Airde,
Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne.
Theann sé a bhogha agus chuir sé i mo sheasamh mé mar sprioc dá shaighead.