Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 20:9

An Bíobla Naofa 1981

Treascrófar iad siúd agus titfidh siad; seasfaimidne an fód go daingean.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm: claon do chluas agus éist le mo bhriathar.

Ardaigí bhur lindéir, a gheataí, agus tógtar na doirse cianaosta go dtaga Rí na glóire isteach!

Ní eagal liom na mílte daoine atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.

Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamh níorbh é a gcuisle féin a shaor iad ach do dheaslámh féin is do chuisle agus gile do ghnúise, mar b'iad do ghrá iad.

Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna, agus éist le m'osna.

Is é Dia mo Rí leis na cianta cairbreacha; an té a dhéanann slánú i lár an talaimh.

Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.

Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.

agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí