Ansin thóg Maois altóir agus thug sé An Tiarna Mo Bhratach uirthi, mar go ndúirt sé: 16 “Beirigí greim ar bhratach an Tiarna óir tá an Tiarna i gcogadh le hAmailéic ó ghlúin go glúin.”
Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha. Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.
Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
Ach d'fhreagair Dáiví an Filistíneach: “Tá tú ag teacht i m'aghaidh le claíomh agus le sleá agus le ga, ach táimse ag teacht i d'aghaidhse in ainm Tiarna na Slua, Dia airm Iosrael, ar thug tú a dhúshlán.