Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 20:4

An Bíobla Naofa 1981

Go mba cuimhin leis d'ofrálacha go léir: go mba taitneamhach leis d'íobairtí uileloiscthe.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Tugann Arauná iad sin go léir don rí. Agus go nglaca an Tiarna, do Dhia, leat,” arsa Arauná.

Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi seachas a raibh tugtha chun an rí aici a thabhairt ar ais. Ansin d'imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí.

Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.

Gairdíonn an rí as do chumhacht, a Thiarna, cá hionadh lúcháir air de chionn do chúnaimh!

Má thugann tú taitneamh don Tiarna tabharfaidh seisean duit mian do chroí.

Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan; téann dóchas na n‑urchóideach amú.

Agus an uile ní a iarrfaidh sibh le barr creidimh sa ghuí, gheobhaidh sibh é.”

bhí a fhios agam féin go n‑éisteann tú liom i gconaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”

An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm. Amen, Amen, a deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.

Ach dúirt a bhean leis: ‘Dá mba mhian leis an Tiarna sinn a chur chun báis, ní ghlacfadh sé íobairt uileloiscthe ná abhlann ónár lámha, ní thaispeánfadh sé na nithe seo go léir dúinn, ná ní inseodh sé a leithéidí seo dúinn.”

Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí